Scoil: Clochar na Trócaire, Ceann tSáile (uimhir rolla 4572)
- Suíomh:
- Cionn tSáile, Co. Chorcaí
- Múinteoir: An tSr. De Pazzi
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)uisge fé láthair. Uidh ar n-uidh do thuit an t-achar úd agus do chlúdaig an fhairrge é.
Bhí an fhairrge ag brúgadh isteach agus ag meilt na gcarraig gur deárnadh na cuanta bréaghtha atá i ndeisceart na hÉireann indiu. Ceann díobh seo 'seadh cuan Chionn t-Sáile, cuan, bréagh, lúbtha fairsing ina bhfuil togha agus rogha fothana agus foscaidh. Tá slighe ann do luingeas iascarachta, soithigh tráchtála agus báid, agus tagann foth-ghalthán o'n Mór Roinn isteach ann, ach cuan mor igcóir long-chogaidh b'eadh é in allód. Deir Annála Cionn t-Sáile (Caulfiela) ná fuil cuan níos fearr ná níos fosgamhla le fághail ná é, agus gur féidir leis na longa is mó agus is truime teacht fad théid' luinge ó'n dtráigh. An "Tiarna Orrery" ag sgríobhadh chun Tiarna Urmhumhan, 1666, deir sé go bhfuil sé "ar na chuantaibh is uaisle san Eoraip."- Bailitheoir
- Máire Ní Dhonnbháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cionn tSáile, Co. Chorcaí