Scoil: Clochar na Trócaire, Ceann tSáile (uimhir rolla 4572)

Suíomh:
Cionn tSáile, Co. Chorcaí
Múinteoir:
An tSr. De Pazzi
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0320, Leathanach 023

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0320, Leathanach 023

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Trócaire, Ceann tSáile
  2. XML Leathanach 023
  3. XML “Tarngaireacht Naoimh Eilthán - Patrún Chionn tSáile”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    amháin díobh san, ba mhó tromdhacht ná an chuid eile agus do theip glan ortha filleadh ná feacadh do bhaint aisti. Bhí an sgéal mar sin ag dul sa mhuileann ortha nuair cé thiocfadh thar brághaid ach sgata iasgairí ón mbaile agus iad ag dul i dtreó na fairrge.
    Do chuir an naomh stró ortha agus d'iarr sé congnamh cun chloc mhór d'árdú. Mo léan nár dhuiltuigheadar é, á rádh go raibh deabhadh ortha. Ní túisge an focal as a mbéal acu ná siúd cucha an treo céadna stróinséir a luigh isteach san obair gan duadh.
    Níor labhair an naomh go ceann abhfad. Fé dheire as a mhachtnamh dubhairt sé go mbeadh rath agus séan ar na daoine iasachta i gCionn t-Sáile as san amach agus go raghadh lucht an bhaile cun deiridh. Fíoradh an focal fáidheamhail seo go rí mhaith agus níl ach fíor bheagán den tshean threibh fághta agus táid san féin gan saidhbhreas gan áird.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Maighréad Ní Croínín
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Croínín
    Gaol
    Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Baile na Móna, Co. Chorcaí