Scoil: Clochar na Trócaire, Ceann tSáile (uimhir rolla 4572)
- Suíomh:
- Cionn tSáile, Co. Chorcaí
- Múinteoir: An tSr. De Pazzi
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)buile na gcamán agus fuaim na liathróide acht ní feichtí aoinne.
Deirtear leis go mbíodh droch-sprid i gcroth choinín le feiscint ann, coinín ceann dánac, a bhíodh ag ruith agus ag léimrigh dó fein, gan sgáth na eagla pé saghas fiadhuidhe no madra a bhíodh láithreac. Timcheall leath céad bliadhain ó shoin agus in am marbh na h-oidhche do bhí sgata buachaillí balighthe ar an dtaobh amuigh de dhoras tighe in aice Scoile na gCeard. Bhí maistín mór láidir ag duine acu agus é 'na luidhe ar lic an dorais. Igceann tamaill tháinig an coinín aníos an cnoch. Chonnaic an madra é. Do thug sé léim as a chorp síos le fán an chnuich leis. Acht comh luath agus shrois sé an coinín do baineadh an teaspach dé. Pé rud do dhéin an sprid i bhfuirm coinín do shiúbhail an madra tar n-ais go mall réidh, a cheann fé, agus an eirball ag cimilt leis an dtalamh.
Agus seo buille fé thuairim i dtaobh na iománuidhe agus an coinín. Breis agus dhá chéad bliadhan ó shoin pairc 'a' bháire a b'eadh an cnoch so comh maith agus is féidir liom a dhéanamh amach. Acht pé sgéal é is deimhnigheac(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighidh Breathnach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cionn tSáile, Co. Chorcaí