Scoil: Sliabh Riabhach
- Suíomh:
- An Sliabh Riabhach, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Éamonn Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sliabh Riabhach
- XML Leathanach 003
- XML “An Mhairneamh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí robalaidhe fairge ann - allmhurach agus tainig sé féin agus a cuid leanamhnach isteach go h-Éirinn nuair a bhí Naomh Padraig ann. Aon Lós ab ainm do. Bhí cailín aluinn darb ainm Inne agus bhí Aon Lós a' fiadhach. Bhí sí ar a bhaclainn aige ag déanam ar an loing nuair thainig Padraig roimis agus d'iarr se air stad ar feadh neomait. Stad an t-allmhurach agus cuir Padraig chun bais an cailin darb ainm Inne le go raibh sí roimis sin na Nun. Scamraig Aon Lós agus do rith sé leis fein on gcorp amach chun fairge. Annsan do seasamh Pádraig os cionn an coirp agus dubairt "Cluintear fuaim feacht fial Inne sa chill is buaine blaon glaise tréis na Greige grein-fhlaithe. Ní basughadh go dtí sluagh Aon Líos mise agus Aon Lós na n-arm ngaisge dís nách ionam dúinn creideamh. Níl folún talmhan in aon ghrádh dúinn ach Inne. Is aoibhinn a corp seang séim a béal fé chiúineas fhocal. Ag gairmiú na tarangaireachta seo a tháinig go h-Éirinn in árla thar cheann árd is a bhuídhean is do'n bhuidhin sin an té a ghrádhaimse. Beannacht leis an anam a bhí i gcolann an inghín áirbhe. An té go mbeadh an mhairneamh seo aige ba bheannuighthe(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Micheál Ua Céilleachair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 87