School: Sliabh Riabhach
- Location:
- An Sliabh Riabhach, Co. Cork
- Teacher: Éamonn Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sliabh Riabhach
- XML Page 003
- XML “An Mhairneamh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí robalaidhe fairge ann - allmhurach agus tainig sé féin agus a cuid leanamhnach isteach go h-Éirinn nuair a bhí Naomh Padraig ann. Aon Lós ab ainm do. Bhí cailín aluinn darb ainm Inne agus bhí Aon Lós a' fiadhach. Bhí sí ar a bhaclainn aige ag déanam ar an loing nuair thainig Padraig roimis agus d'iarr se air stad ar feadh neomait. Stad an t-allmhurach agus cuir Padraig chun bais an cailin darb ainm Inne le go raibh sí roimis sin na Nun. Scamraig Aon Lós agus do rith sé leis fein on gcorp amach chun fairge. Annsan do seasamh Pádraig os cionn an coirp agus dubairt "Cluintear fuaim feacht fial Inne sa chill is buaine blaon glaise tréis na Greige grein-fhlaithe. Ní basughadh go dtí sluagh Aon Líos mise agus Aon Lós na n-arm ngaisge dís nách ionam dúinn creideamh. Níl folún talmhan in aon ghrádh dúinn ach Inne. Is aoibhinn a corp seang séim a béal fé chiúineas fhocal. Ag gairmiú na tarangaireachta seo a tháinig go h-Éirinn in árla thar cheann árd is a bhuídhean is do'n bhuidhin sin an té a ghrádhaimse. Beannacht leis an anam a bhí i gcolann an inghín áirbhe. An té go mbeadh an mhairneamh seo aige ba bheannuighthe(continues on next page)
- Informant
- Micheál Ua Céilleachair
- Gender
- Male
- Age
- 87