Scoil: Sliabh Riabhach
- Suíomh:
- An Sliabh Riabhach, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Éamonn Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Rithleóg:
a fhásann sa phort nuair a dhéanfá é bheiriú in uisge dá n-eólfá an t-uisge leigheasfhadh sé tinneas cínn a bheadh ort.Sáiste cnoic
a fhásann sa chnoc dá ndeanfá é bheiriú tréis é bhríseadh suas leigheasach an t-uisge go mbeadh sé beirithe ann droch-ghoileBiolar
a fhásann ar thaobh na h-abhann leigheasach sé droch-dhíleaíghe nuair bheadh sé beirithe.mismin
a bholadh a leigeashadh tinneas cínn.na silimhidí dúbha
nuair a bheireóchá iad le siúicre leigheasóchadh eitinn cnámha.mac an dá rhamha
nuair a beireóca a phréamhacha in uisge leigheasach siad eascóidí.Slándush
a fhásann sa mhóinéar nuair a dhéanfá é chogaint id bhéal stopfhadh an fhuil a bheadh ag teacht ó chneadh is dhéanfhadh sé é chneasúghadh.An criotal
a fhásann sa pháirc no sa chnoc agus nuair a dhéanfá é bheiriú in uachtar leigheasfhadh sé cos na lámh a bheadh atuighthe.(leanann ar an chéad leathanach eile)