Scoil: Sliabh Riabhach
- Suíomh:
- An Sliabh Riabhach, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Éamonn Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)SÚGHADH na CUPÓIGE
a leigheasfhadh dóghadh neantóigeLÍON RUDHÁN ALLA
Stopfhadh sé fuil a bheadh ag teacht o chneadh i mbeithídhig alltha.ACHAR LUACHRA
a fhásann i bféitheacha fhuara atá ar fheabhas chun cois a' chapaill a chlogadh nuair bheadh acíd eigin air.PLÚR
nuair a dhéanfá é théigheadh go n-iompóchadh sé donn leigheasfhadh sé Ruachtach.LUIBH an DÓIGHTEÁN
Toradh a fhásann ana íseal agus bíonn sé a' fás in aice gach tíghe. Deirtear ná raghfhadh an tighe tre theine le tinóisg in aonchor faidh a bheadh sé ag fás 'na aiceMINÚCH
a fhásann sa chnoc nuair a dheinfá é tharrac priogóid maith iseadh a t-uisge go mbíonn sé tarraicighthe ann.CAISREABHÁN
Dheintear é do tharrac in uisge agus laghaisine ana mhaith isead an t-ól sin a thógaint.FAITHINGE
D'á gceangaleócha rib a' chapaill tímcheall air d'imteóchadh sé, no d'á gcimilteócha uisge a bhíonn i gcarraig leis leigheasfhadh sé é.