Scoil: Sliabh Riabhach

Suíomh:
An Sliabh Riabhach, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Éamonn Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 082

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 082

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sliabh Riabhach
  2. XML Leathanach 082
  3. XML “Seanráiteacha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. "Ní féidir teacht suas go deó
    leis an rud a cailltear"
    "Scaip le láimh is cruinnig le dhá láimh"
    "An t'é go bhfuil talmh aige caithfhidh sé obair éigin a ghlacadh"
    "Is minic an té is mó a scaipeann
    Gurab é is mó a chruinnígheann"
    "Nuair bíonn an cupán lán is fusa é ghorthadh"
    "Bíonn an mil go milis ach bhíonn an beach cealgach"
    "Bíonn gach níd ro-dhénnta ag an dté a chreideann"
    "Níor tháinig tinneas riamh ins an gceann compórdach"
    "Tobar beatha iseadh beul an duine fóghanta"
    "Má bhíonn cearc leat beirthi
    Caithfhir cur suas le na glágarlaig"
    "Bfheárr leis bás d'fhágail le tart
    ná pionós an uisge a tharrac"
    "Ní bhailigheann cloch reatha aon chonnlach"
    "An té ná deineann obair sa teas
    Beidh ocras sa t-shoic air"
    "Tig i mbeul bóthair ní aistear é ach cómhgar
    "Ná éileamh do cheart go bfeicir do neart"
    "Ná dein caidream le feall no déanfar feall ort."
    "Buail do ceann i dteannta an iarsa
    Is geóbhair phé portún a gheallaig Dia duit"
    "An t'é a bíonn síos luíghtear cas air
    An t'é a bhíonn suas óltar deoch air."
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. seanfhocail (~4,377)
    Teanga
    Gaeilge