Scoil: Sliabh Riabhach
- Suíomh:
- An Sliabh Riabhach, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Éamonn Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sliabh Riabhach
- XML Leathanach 086
- XML “Scéal”
- XML “Clár Bog Déil”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhí fear aérach na chómhnuidhe in aice na h-áite agus is minic a aireóchadh sé an bheirt ag eargóint le na chéile nuair a bheadh sé ag gabhail an bhóthair. Dúbhairt sé le roinnt des na buachaillibh mór thímcheall na h-áite dá ndéanfaidís mar a deárfadh sé leó go gcuirfeadh sé deire leis an braon. Thánadar le cheille ana thoilteanach agus fuaireadar dréimre beag gairid a chuaidh an fear aérach in áirde ar cheann an tíghe. Dúbhairt sé leis an gcuid eile bheith ag an ndorus agus nuair a aireódís é ag teacht anuas an tshimné an dorus do oscailt do. Do rith sé ar a bhairricíní an t-urlár síos agus an dorus amach. Dubhairt Pádraig le Seághan "Mhuire a Sheághain cad é sin." Neosod-sa duit mhuise arsa Seán ar táirseóir agus is dóca go bhfuil sé i gcómhnuidhe san simné. D'eirig Seán shuidhe agus chaith sé an t-uisge coisrecan ar fúid an tíghe agus ní raibh a thuille argóintí eatortha as san amach.
- Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.