Scoil: Sliabh Riabhach
- Suíomh:
- An Sliabh Riabhach, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Éamonn Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An oidhche sar a céasadh Ár Slánuightheóir tháinig sé chun a mhathar agus dubhairt sé "cad na thaobh ná codhluigheann tú a mháthair" "Mar ní fhéadfhainn" ar sise "ar mo aisling dom im' leabaidh suain mheasas gur tháinig marcach caol dubh ar each caol donn sleadh cainibre nó dheas láimh chun é chur trí chroidhe an Ríogh glódhmhar. Béidh fuil an rígh glódhmhar san dhá gontadh amáireach" "Is fíor san a mháthair arsa" Ár Slánuightheóir. "Aoinne a dheanfhaidh an aisling seo trí uaire 'na luighe ar a leabaidh suain gheobhaidh sé Flaitheas Dé ar mo ghualainn se go brách.
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Luasaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Doirín Álainn, Co. Chorcaí
- Fadó ní raibh clog ag aoinne timcheall na h-áite seo agus sé an cuma 'na airighidís an t-am ná an fhaid suas a bhíodh an ghrian is an geallach san spéir. Aon oidhche amháin bhí fear ó Chúil Aodha ag dul go aonach Maghchromhdha agus in am mhairbh na h-oidhche d'éirigh sé agus amach leis féachaint cad é an fhaid suas san spéir a bhí an tréidín mar an oidhche céudhna thárla ná raibh aon gheallach san spéir. Nuair a chuaidh sé amach bhí dorchadas ceatha ann, agus gan tásc ná tuairisg ar aon reulthín agus bhí an fear bocht i gcruadhchás. D'fhanfadh sé go glaodhadh an choiligh ach ní raibh aon coiligh sa tigh agus níor dhéin sé pioch ach é fhéin d'ollmhughadh chun bóthair. Chuir sé(leanann ar an chéad leathanach eile)