Scoil: Sliabh Riabhach
- Suíomh:
- An Sliabh Riabhach, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Éamonn Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sliabh Riabhach
- XML Leathanach 093
- XML “An Bhean Sí”
- XML “Leigheas do Phian”
- XML “Leigheas an Dúradáin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an chapall fé'n dtrucaill is d'imthig sé air. Ar a shlíghe do ní fheaca sé aoinne ar an mbóthar agus ní raibh solus in aon tigh a bhfeaca sé. Bhí sé ag cuimhneamh annsan gurb' amhlaidh a bhí gach aoinne imthighthe ag bfhéidir go mbéadh sé déanach. Cuir sé an capall ar shodar annsan i dtreó ' s go mbeidh mór chuid de'n mbóthar curtha dhe aige sar a bhreacfhadh an lae. Nuair a shrois sé "Poll na Bró chonnaic sé le solus a lampa bean ag siubhal roimis agus dúbhairt sé leis féin annsan gur ag dul chun an aonaig a bhí sí agus go dtabharfhadh sé marcaidheaht di. Chuir sé an capall ar shodar airís ach dhá méid mireacht a raghfhadh sé bhí an bhean ag dul níos mire. Sa deire tháinig sé suas léi agus d'iarr sé uirthi marcuigheacht a thógaint. Fhreagair sí é is dúbhairt sí
"Cuir do bhotar díot a dhuine
Mar is fada uaimse Cúige Uladh
Agus is gairid uainne glaodhach an choilig"
Thuig an fear annsan gur púca í is go raibh sé ró luath mar ní raibh an coilleach t'réis glaodhach fós. - Fear caoín ag mnaoi buirb corp Críost 'na luighe ar tolg deárna Muire is a mhic leis an ngreim.
- Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.