School: Sliabh Riabhach

Location:
An Sliabh Riabhach, Co. Cork
Teacher:
Éamonn Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 161

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 161

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sliabh Riabhach
  2. XML Page 161
  3. XML “Naomh Gobnait - Ban-Naomh an Pharóiste”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    do thuit sí ar an dtalamh. Tá sí ag fás riamh o shoin agus gan á coimeád le chéile ach an croiceann agus í ag cur bláth bán di mar a bhí riamh. Maidir leis an bfear a bhí a gearradh na scairne buaileadh breóidthe é agus bhí sé sa leabaidh ar feadh ceatair no chuig seachtmhaine. Deireadh daoine gur b'é gearradh na scairne fé ndeárr é.
    Nuair a bhíonn na daoine ag deunamh turais Gobantan téigeann siad chun an tobair beannuighthe chun uisge a bhreith leó. Deirtear ná beadh toradh an turais agat muna bfeicfeá breac istig i lár an tobair. Fadó do chómhnuigh muintir Protastúnaig in aice na haíte agus ní creidhfeadh sé san Naomh ná gur tobar beannuighthe é. Lá amháin do thug sé leis bucéad uisge ó'n dtobar is thug sé iarracht ar é bheiriú ach ní bheireóchadh an t-uisge in aon chor do.

    Chaithfeá abha an t-Sulláin a chrosadh nuair a bheithfeá ag dul anonn go roilig Gobnatar. Tá sé ráidhte go mbaithfear duine ins an abhainn uair ins na seacht bliantaibh agus go ngaodánn an abha nuair a bhíonn an tréimse amuich i gcómhnuidhe is deireann sé:-

    "Mise an t-Sullán fad fireann,
    Anois a' t-am cá bfuil a' duine"
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish