Scoil: Cúil Aodha (uimhir rolla 16521)
- Suíomh:
- Cúil Aodha, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Pádraig Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cúil Aodha
- XML Leathanach 291
- XML “Piseoga”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Piseóga
Dá mbearfaí searrach amuigh i bpáirc pé áit go dtuitfeadh an gobán súghraic a bhíonn 'na bhéal d'fhásfadh seamróg na gceithre gcluas annsan.
Pé duine go mbíonn lámh an duine mhairbh aige istoidche agus coinneal 'na seasamh ann d'fhéadfadh sé dul a' goid i n-aon tigh ba mhaith leis agus ní dhúiseóchadh muinntir an tíghe.
An té go mbeadh cluas gearrfhiadh bháin aige bheadh buadh imeartha aige i gcluiche cártaí nú i n-aon cluiche dá leithéid.
Nuair a bheadh duine ag déanamh cuiginne dá dtagadh duine eile isteach chaitheadh sé buile a bhualadh ar a gcuiginn agus "Rath Dé chúghaibh" a rádh.
Bhí sé contabharach uisce na gcos do chaitheamh amach ar eagla púcaí.
Dá mbeadh feirmeóir ann agus dá dtagadh an galar cam ar a muca chuirfeadh sé duine treasna abhann agus d'fhanadh sé féin ar an dtaobh eile. Déarfadh an fear thall "Cad atá agat"? Déarfadh sé "Muc agus galar cam." "Chaith chúgham anall an galar cam agus fág thall an mhuc."(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Dómhnall Bán Ó Céilleachair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 69
- Gairm bheatha
- Feirmeoir beag (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cúil Aodha, Co. Chorcaí