Scoil: Cúil Aodha (uimhir rolla 16521)
- Suíomh:
- Cúil Aodha, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Pádraig Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cúil Aodha
- XML Leathanach 301
- XML “Seanbhóithre agus Leachtanna”
- XML “An Solas a Bhíodh Ann Fadó”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)abhaile agus é ‘na phóca aige. Díreach ag coill Cúil Aodha do casadh Cormac Coultis ar a bhí ‘na chómhnuidhe ar an Áth Leacach s’an am san. Do dhein an bheirt aighneas nú áiteamh éigin ach d’eirig Cormac ar a leath-chois agus bhuail cic sa bolg ar Fhinghín.
Do bhailig sé leis agus shrois sé barra an Cuma. Bhí deóraidhe ag gábhail agus dubhairt Finghín leis le linn báis:-
“Cuir cloch im’leacht
A’s do leas go ndeárna tú”
Cuireadh gach aoinne a ghabhadh an bóthar cloch ann. Bhí fear ag deisiúghadh an bhóthair tamall ó shoin agus do rug sé leis na cloche go léir. - Ní bhíodh aon tsolas ann fadó ach geatairí agus coinnle geire. Mar seo a deintí geatairí. Bhainidís an giumhais sa phortach le tuagh ghiumhaise. Deinidís sguilb de annsan agus deinidís geatairí de le cot. Cuiridís i n-aice na teineadh iad ag triomúgadh.Da mbeadh mianach maith sa giumhais bíodh sort íle ar a dtugtí tiughais ag sileadh léi.
- Faisnéiseoir
- Dómhnall Bán Ó Céilleachair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 69
- Gairm bheatha
- Feirmeoir beag (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cúil Aodha, Co. Chorcaí