Scoil: Cúil Aodha (uimhir rolla 16521)
- Suíomh:
- Cúil Aodha, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Pádraig Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cúil Aodha
- XML Leathanach 337
- XML “Dó Aoil”
- XML “Coinnle”
- XML “Cailleacha na nGlaotaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)anuas air. Chuirfeá sráth cloch-aoileach anuas ar sin. Srath móna anuas air sin airís a's leanamhaint air sin chun go mbeadh an teinaoil lán agat. Annsan do thabharfá teine do'n bhrosna a bheadh thíos na bhun thabharfadh san teine do'n mhóin. Dhóighfeadh an mhóin an chloch-aoil Nuair a bheadh teas ceart sa chloch-aoil dhóighfeadh sí féin a chéile. Nuair a bheadh an cloch-aoil na bhun dóighte d'fhéadfá an leac a thógaint as an bpoll agus bheith ag tarrach amach an aoil le sluasaid. D'réir mar a bheadh an t-aol ag tuitim d'féadfeá srathanna cloch-aoil agus móna do chur isteach na bharra.
- Gheóbhfá geir na bó agus do leighfeá i gcorcán é. Do bhíodh múnla ag cuid des na daoine. Do seasóchtha an buaiceas istig ann agus chaithfeá é choimeád led' mhéaranna chun é choimeád díreach. Do dheanfá an geir leachta do scaoileadh isteach le guga beag chun go mbeadh an múnla lán. Nuair a bheadh sé lán tairigeóchta amach é. Cuma eile do sháthfeá an buaiceas isteach sa gheir leachta as é tharrach aníos arís. Nuair a bheadh sé cruaidh do sháithfeá síos arís é as bheidfeá á sháthadh síos as a tharrach aníos go mbeadh tois coinnill ann.
- Cailleach a b'eadh í a bhíodh thall in an nDoirín Gaibhleach agus i mBogach na Ceannfhionne agus i mBogach na dTarbh. D'airightí go minic í san oidche ag glaodhach "Hé Thaidg Uí Shúiliobháin pú-ú-ú" a's uaireannta sheineadh sí port beag le na béal.
Uair amháin tháinig roinnt daoine go dtí Bogach na Ceannfhionne ag goid smailín(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Ó Loingsigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 53
- Gairm bheatha
- Gréasaí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cúil Aodha, Co. Chorcaí