Scoil: Baile Mhúirne (C.) (uimhir rolla 15347)

Suíomh:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0330, Leathanach 094

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0330, Leathanach 094

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Leathanach 094
  3. XML “An Mála Draíochta”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    sé leis é a bhualadh go maith. Dhein an siúinéir rud air agus tar-éis tamaillín dúbhairt sé "Tá a dhóthain fachta aige dá mbé a diabhal féin abhí ann" "Agus sé atá ann leis" arsa Seán. "Tabhair anso chúgham arís é" ar seisean "agus tabharfad tuile dho". Thug Seán do é agus ba dhóbair do é a mharbhúghadh ar fad.
    Chuaidh sé go dtí an muilneóir agus do mheil sé é agus tháinig sé amach na blúiríní beaga ach tar éis focal ó Sheán do cheangail sé le chéile airís. Thóg sé go dtí bárr an chnuic agus leig sé do tuitim síos go bun an chnuic. Tháinig Seán anuas chuige agus d'iarr sé air an raibh sé marbh fós, níor fhreagair an diabhal in-aon-chor é. Dubhairt Seán leis go dtabharfadh sé an rud céadna arís do muna fhreagróchadh sé é. Ansan dúbhairt sé "Ó Táim."
    D'iarr an diabhal ar Sheán é leogaint amach as an mála agus ná feicfeadh sé é go bráth airís. Leog Seán amach é ar coingíoll ná feicfeadh sé go bráth arís é. D'imthigh an diabhal. Tar-éis tamaillín fuair Seán bás agus chuaidh sé suas ar neamh, agus bhuail sé cnag ar dhoras neimhe agus tháinig Naomh Peadar amach chuige agus ní leogfadh sé isteach é. Ansan chuaidh Seán síos go h-ifreann agus do h-oscaluigheadh an doras do ach nuair a chonnaic an diabhal cé bhí ann do rith sé uaidh.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0330A: The Smith and the Devil (Death)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán Ua Luasaigh
    Inscne
    Fireann