Scoil: Baile Mhúirne (C.) (uimhir rolla 15347)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear i gCiarraidhe fadó agus bhí feirm thailimh aige. Bhi beirt mach aige agus nuair a bhí sé ar leabaidh a bháis do ghlaoidh sé ortha agus dubhairt sé leó dáleath d'en feirm agus dó leath d'en airgid eatortha leis.
Fuair an mach ba shine leath d'en talamh agus leath an airgid agus fuair an tarna mach an leath eile ach is ag an mach eile a fhágadh an tig chómhnuidhthe. Do phós an mach ba shine agus ní raibh aon clann aca. Do phós an tarna mach agus bhí lan tíghe de cloinne aige.
Bhí gráin ag an mhich ba shine ar mnaoi an tarna mhic agus ba mhaith léi í a chur cun báis. Bhí gabhair ag an tarna mach in áirde ar an slíabh agus do chaitheadh an bhean dul in áirde ar an slíabh gach tráthnóna agus iad a chrúdh.
Do thógfadh sí buarthach agus buicéad agus stóilín léi chun iad a chrúdh. Bhí bean an mhich ba shine ag faire uirthe ag gabháil suas an chnoc agus dúbhairt sí leis an fear é, agus bhí sé ag cuimhneamh ar sheift éigin cun í a mharbh ughadh, níor mhaith leis é dhéanamh ach do chuir sí sin d'fhiachaint air é a dhéanamh agus d'innis sí dho chonus é a dhéanamh.
Chuaidh an bhean bhocht suas an chnoc mar ba ghnáth léi tráthnóna amháin agus an buarach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Diarmuid Ua Laoghaire
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 56
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cnoc an Iúir, Co. Chorcaí