School: Baile Mhúirne (C.) (roll number 15347)

Location:
Baile Bhuirne, Co. Cork
Teacher:
Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0330, Page 137

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0330, Page 137

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Page 137
  3. XML “An Sprid sa Portach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    doras, agus do sheasaimh fear i lár an úrláir, gan an doras d'oscailt in-aon-chor, do ghlaoidh sé i leath-taoibh ar an mbuachaill agus dubhairt sé go raibh gnó ana speisíalta aige dho, ní raibh aithne ag ainne acha air agus mar sin do chuaidh an driothár in-aon-feacht leó agus ní dúbhairt an strannséir aon rud leis sin.
    Do chomainéadar leó do dtí go d'tánadar go dtí an áit na bhfeacaidh an buachaill an fear ar dtúis an oidhche úd. Do stopadar ansan agus do thóg an strannséir máilín beag amach as a phóca agus d'osgail sé é, agus tháinig rán agus sluasad amach as agus do bhi fhios ag na buachaillí go raibh cómhacht éigin aige nuair a connacadar an méid sin.
    Do thosnuig sé ag gearradh an scró ansan agus ghearr sé tímcheall troig ar fhaid agus ar leithead, agus dúbhairt sé leis bheith ag chaitheamh amach an cré agus dhean an buachaill rud air, nuair a bhí cuid maith d'en cré caithe amach aige dúbhairt sé ná chaitheadh sé amach a thuille dhe, mar ná raibh aon rud le fagháil ann ach dubhairt sé leis cúpla sluasad eile do caitheamh amach agus do dhein agus cad a chonnaic sé ach plaoisg duine.
    Rug an strannséir ar ghruaig an plaoisg agus caith sé isteach sa mailin bhig é. Ansan chuadar go dtí an áit 'nar thuit an lámh dheis de agus thosnuighdear ag gearradh arís fé mar a dheineadar cheana agus fuaradar an lámh ar an gcuma
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Informant
    Ristéard Mac Suibhne
    Gender
    Male
    Age
    61
    Address
    Na hUláin Thiar, Co. Cork