Scoil: Baile Mhúirne (C.) (uimhir rolla 15347)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- XML Leathanach 224
- XML “An Mactíre Bán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sí do dtí tig, agus bhí seana cailleach agus a inghean isteagh ann, agus thugadar lóistín na h-oidhche dhi. Ó'n gcaint a bhí ag an mnaoí cheap an bhean go raibh cómhacht ag an gcailleach ar an mactíre bán agus go raibh sé ag obair i bhfeirm agus gach uair gur mhaith leis an mnaoí í d'iompóchadh sí na mactíre bán ann.
Bhí an cailín ag fanamhaint tímpeall na h-áite agus an céad maidin a chuaidh an inghean amach do cuir an do chuir an cailín an cíor ann agus bhí folt breágh órdha uirthi. Do rith sí isteach go dtí a mháthair agus áthas mór uirthi.
Dubhairt an máthair léi rith amach agus fiafhruighe (agus a fiafra) d'en cailín cad ar go ndíolfadh sí an cíor, dubhairt an cailín an mactíre bán d'fheiscint in aonar, do thugadh di é. Ach sar a chuaidh an cailín isteach do thug an cailleach deoch d'on mactíre bán agus ní féadfadh an cailín é a dhúiseacht.
An tarna maidean do chuaidh an inghean amach arís agus bhí balcais cirt uirthi agus chuir an cailín an siosúr ionta agus bhí éadaighe breághtha uirthi. D'fhiafruig an máthair di cad ar go ndíolfadh sí an siosúr agus dubhairt sí an mactíre bán d'fheiscint in-aonar ach do thuit an rud céadna amach agus ní fhéadfadh sí é a dhuiseacht agus an tríomhadh maidin(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Siobhán Bean Uí Céilleacair
- Inscne
- Baineann