Scoil: Baile Mhúirne (Cailíní)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 1. Dá mbeadh an craos-ghalar ar duine ganndal a bheadh istig ar feadh na h-oidhche ar chéadhlachan a thabhairt cuige agus a ghob a sháth siar 'na bhéal agus do leighisfeadh sé é.
2. Dá mbeadh rioscóidí ar dhuine bualach úr a chuir cuige chun é a leigheas.
3. Dá mbeadh an craos-ghalar ar dhuine é a thabhairt go dtí leanbh ná feicfeadh a mha athair riamh, sé sin leanbh go mbeadh a athair marbh sar a mbéarfaí é agus dá séideadh an leanbh san a anál ar an duine 'na mbeadh an chroas-ghalar do leighisfeadh sé é.
4. Dá mbeadh scórnach tinn ag duine agus dá bhfaghfí stoca olna agus é a líonadh suas le bualach agus é a chur tímpeal an scórnac do leighisfeadh sé é.(leanann ar an chéad leathanach eile)