Scoil: Gob an Choire (Clochar) (uimhir rolla 16890)
- Suíomh:
- Gob an Choire, Co. Mayo
- Múinteoir: Sr. M. de Sales
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)D'innis sé an sgéal do'n inghin agus dubhairt sise leis a chuid tae aól agus go ninnseóchadh sí dhó an chaoi le'n é dhéanamh. Dubhairt sí leis dhul chun an Riogh agus a rádh leis an spéar a chur in a sheasamh agus go mbéidh tú in ann na réalta sa spéar a chomhaireamh. bhí D'innis an fear an rud sin do'n Righ agus níor bhach an rí leis an gceist mar ní raibh sé indan an spéar a chur 'na sheasamh.
Chuir an Rí ceist eile ar an bhfear. Dubhairt sé leis an bhfear go gcaithfeadh sé bheith ábalta innsint dhó cé mhéad ar bhfiú a rioghacht. Chuaidh an fear abhaile agus d'innis sé an ceist. Dubhairt ingean an fhir le na hathair a dhul go dtí an Rí agus a rádh leis gur díoladh Rí agys Rioghacht a bhí seacht nuaire níos fearr na eisin ar cúig pinghine fichid. Bhí a sháith fáilte ag an righ agus d'fiafruigh sé de'n fhear cé d'innis na freagraí dó agus dubhairt an fear gurb' í a inghean a d'innis dhó iad. Dubhairt an rí gcaithfeadh sé an cailín sin a phósadh. Chuaidh an rí go dtí teach an chailín agus d'fiaftuigh sé de'n chailín an bpósfadh sí é agus dubhairt an cailín nac bpósfeadh sí é mar bhí sé rí shaidhbhir agus ró uasal agus go raibh sí féin an bhoicht agus ró shuarach ach níor bhach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádhraig Ó Gallchóbhbair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Na Sraithíní, Co. Mayo
- Faisnéiseoir
- Máire Nic An Mháighistir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Na Sraithíní, Co. Mayo