Scoil: Gob an Choire (Clochar) (uimhir rolla 16890)
- Suíomh:
- Gob an Choire, Co. Mayo
- Múinteoir: Sr. M. de Sales
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an gcaiptín ar feadh laé 'gus bliadhain eile. Dubhairt an gasúr leis an athair a rádh go mbadh mhaith leis é fheiceál í gcionn lae 'gus bliadhain eile. Muna mbéadh sé sin sa gheallamhaint ní leigfeadh an caiptín don gasúr dul abhaile. D'imtigh an mach leis an gcaiptín aríst agus d'fan sé leis ar feadh lá 'gus bliadhain eile. B'fada leis an sean-fhear an achar a bhí an gasúr amuigh. Ar deireadh táinig an mach agus theasbáin sé do'n athair na cleasanna abhí foghluimte aige. Ní raibh sé balach chómh maith leis an gcaiptín é féin. D'iarr an Caiptín ar an sean-fhear an gasúr a leigint leis ar feadh lá 'gus bliadhain eile agus go mbéadh sé níos fearr ná an Caiptín é féin ag déanamh cleas. Sochruigheadh an sgéal le sin. D'imthigh an gasúr. Níor chuimhnigh an sean-fear rádh leis an gcaiptín a mhach a leigint ar ais í gcionn lá 'gus blidhain. Níor táinig an mach ar ais. D'imtigh bliadhain eile agus níor tháinig an mach ar ais. Ar deireadh shochruigh an sean-fhear go rachadh sé ar tóir a mhic. D'imtigh sé ar alorg. I ndeire thior thall bhuail sé isteach í dteach an Chaiptín. Dubhairt(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Padhruig Ó Gallchóbhair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Na Sraithíní, Co. Mayo
- Faisnéiseoir
- Eibhlín Ní Ghallchóbhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Na Sraithíní, Co. Mayo