School: Gob an Choire (Clochar) (roll number 16890)

Location:
Gob an Choire, Co. Mhaigh Eo
Teacher:
Sr. M. de Sales
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0085, Page 247

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0085, Page 247

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gob an Choire (Clochar)
  2. XML Page 247
  3. XML “Regimint na gCleas”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    sé go mbadh maith leis a mhach a fheiceál agus é tábhairt abhaile. Chonnaic sé an gasúr agus bhí fhios ag an ngasúr nárbh bféidir leis dul abhaile í gcuideachtan a athara. Tharla sé go raibh fhios ag an mach go raibh an Caiptín le cleas d'imirt ar gach duine abhí aige. Bhí chun sicíní adhéanamh dóibh uilig, agus go gcaithfeadhan caiptín min-bhuidhe ag na sicíní ar an urlár. Dubhairt an mach leis a athair nach rithfeadh sé féin ag an gcoirce. Annsin béadh fhios ag an sean-fhear cé'n sicín 'na raibh a mach. B'in comhartha an mhaith a thug an mach do'n athair. D'imthigh sin agus tháinig súid. Rinne an caiptín an rud a dubhairt an mach leis an athair. Chaith sé an mín-bhuidhe ag na sicíní. Níor rith an mach chuig an mhín chor ar bith. Annsin d'fiafruigh an caiptín de'n seanfhear cé'n sicín a thógfadh sé. Ar ná thóg an tathair an sicín ceart agus nuair a bhí sé sin deánta bhí cead ag an athair an mach a thabhairt leis abhaile. Dubhairt an caiptín leis an sean-fhear nach bhféadfadh sé an mach athabhairt leis muna dtogadh sé an sicín ceart. Ní nach ionghnamh d'eirigh leis an sean fear go h-an mhaith agus bhí cead aige a mhach athógáil leis abhaile. Ag an am seo bhí an gasú níos fearr ná an caiptín ag déanamh cleas.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0325: The Magician and his Pupil
    Language
    Irish
    Collector
    Padhruig Ó Gallchóbhair
    Gender
    Male
    Address
    Na Sraithíní, Co. Mhaigh Eo
    Informant
    Eibhlín Ní Ghallchóbhair
    Gender
    Female
    Address
    Na Sraithíní, Co. Mhaigh Eo