School: Port Urlainn
- Location:
- Port Durlainne, Co. Mayo
- Teacher: Liam Breathnach
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ar an dá dream eile is fairsinge agus tá teach de na Mic Domhnaill agus Burcaigh agus Ó Neachtainn ann, chomh maith le fear de na Dochartaigh a tháinig chugainn as Port an Chlóidh. Tá Béarla & Gaeilge ag na daoine ach is mó a tairgeann siad an béarla. Iascaireacht an slí bheatha is seasmhach atá acu. Talamh portaigh atá ann agus is deachar bharr a bhaint de ach tá sé go maith le haghaidh féir. Tá suas le 15 currach san áit agus is mór an méid airgid a dhéanann na h-iascairí gach samhradh ar bhradáin. Níl aon coill ná crann ann ná toir ach na drisceacha agus níl loch ann ach na locháin bheaga sléibhte ata thart sna cnoic. Tá abhainn beag amháin ag rith tríd an mbaile ach tá sí chomh beag suarach sin nach bhfuil fuí ainm air ach ainm an bhaile.
- Collector
- Máirín Ní Dhómhnaill
- Gender
- Female