School: Port Urlainn
- Location:
- Port Durlainne, Co. Mayo
- Teacher: Liam Breathnach
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)mar Naomh phatrún an cheanntair ach caithfidhe go rabh an-cháil air fadó nuair atá sé i mbéalaibh na ndaoine go fóill agus nuair a tugtar onóir dó le cuairt a thabhairt ar a thobar beannuighthe atá in-aice na cille aon Satharn i mí Lughnasa.San am abhí Naomh Gaileagán i gCill Uí Ghaileagáin bhí naomh eile i mBéal-Dearg agus bhí an bheirt an cheanamhail ar a chéile. Tá Béal-Dearg tuairim dhá mhíle déág ó Chill Uí Ghaileagáín ach mar sin fhéín chasaidís ar a chéíle gach aon t-satharn ar chnoc bheag atá taobh le Leachta Mhurchadha leath bhealaigh idir an dá áít. Shocruigh siad cloch a iomchar go bárr an chnuic sin mar cuimhneadh ar gach cuairt aqgus sul a bhfuair siad bás bhí leacht mhór ar bhárr an chnuic go dtí an lá seo tugar Leacht Satharnáin (Satharn) ar an áít sin.(continues on next page)