School: Baile an Chaisil C., Clochar na Trócaire
- Location:
- Ballycastle, Co. Mayo
- Teacher: An tSr. Aingeal
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)thigeadh ó na h-oileáin a phiocadh amach ar aonach Bhéil a'Mhuirthid. Bhiodh tóir mhór i gcomhnaidhe ag na ceannuightheóirí go léir ar chaoirigh na n-oileán agus bhíodh siad ghá ngearradh fóin amach sa luach ag an aonach i gcaoi is go bhfuigheadh muinntear na n-oileán i gcomhnaidh an pighinn a b'aoirde ar a gcuid caorach. San tráth sin bhí trúir dearbháthaireacha de na Bhreathnaigh in Innis Sgéite agus le cruth, déanamh agus dóigheamhlacht ba dhóiligh a sárughadh. Fir bhreaghtha, chruaidh - dhéanta a b'eadh iad agus chuirtí sunndas ionnta as i meash an t-sluaigh ar aonach Bheil a' Mhuirthid. Bhí siad láidir, teann agus dubh-shlainneach agus gan baoghal ortha go leigeadh siad a gcámh go bog uatha gan fios cé'n fath. Acht ar an laimh eile bhí tréithe na h-uaisleachta ionnta. Bhí an córtas agus an geanamhlacht ionnta agus níor dhún siad súil ariamh(continues on next page)
- Collector
- Pádhraigín Ní Ghiollaruaidh
- Gender
- Female
- Address
- Rathoonagh, Co. Mayo
- Informant
- Máire Ní Ghiollaruaidh
- Gender
- Female
- Address
- Rathoonagh, Co. Mayo