School: Mín Teineadh Dé (roll number 8517)

Location:
Meentanadea, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig S. Mac a' Ghoill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1041, Page 15

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1041, Page 15

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín Teineadh Dé
  2. XML Page 15
  3. XML “Daoine Cáiliúla”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. I Fir Laidir
    Tuairim agus 80 bliadhna ó shoin bhí fear ina chomhnuidhe ins an pharóiste seo agus Seán Ó hÁnlúin an t-ainm a bhí air, agus deireann na seandaoine go dtí an lá indiú go rabh sé ar an fhear a ba láidre a bhí ins an pharóiste sa am sin.
    II Na Gríomhartha a rinn sé. Seo cuid de na gríomharthaí a rinn sé. San am sin ní rabh tríoc nó gluaisteáin ar bith ann le rudaí a iomchar ó áit go h-áit agus b'éigin dó na daoine na rudaí a iomchar ar an druim. Aon lá amháin chuaidh Seán Ó hÁnluín go dtí an bhaile mhóir le sé málaí plúir a fhághail, agus chuaidh sé. THug sé leis rópa láidir a bhí déanta a's cóchan, agus níór stad sé go rabh sé san bhaile mhór, agus bhí sé mhíle le siubhal aige.
    Ba ghnáthach leis na daoine san am sin rudaí a iomchar ó'n bhaile mhóir fa choinne a gcuid comhursan, mar ní rachfadh siad acht corr-uair go dtí an baile mór.
    Ach san lá seo thug an fear leis an plúir acht níór theachaidh sé i bhfad gur bhris an rópa agus níór stad sé go rabh sé san bhaile mhór aríst. Cheannuigh sé rópa úr agus chuaidh sé aríst go dtí an áit a d'fhág sé an phlúr. Chuir sé na sé malaí plúir isteach san rópa chuir sé ar a dhruim iad agus níor stas sé go rabh sé sa bhaile.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. historical persons (~5,068)
    Language
    Irish