School: Mín Teineadh Dé (roll number 8517)

Location:
Meentanadea, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig S. Mac a' Ghoill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1041, Page 18

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1041, Page 18

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín Teineadh Dé
  2. XML Page 18
  3. XML “Fir Mhaithe Siúil”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá fhíos agam fear a shiubhal ó Co Doire go dtí na Gleanntaí i ceithre lá, agus Séan O’Domhnaill an t-ainm a bhí ar, agus bhí sé in a comhnaidhe i Machaire.
    Ins an t-sean am, ní rabh gluaistean, rothar, traen, etc, agus b’éigin do na daoine siubhal, no marcaidheacht a déanamh, agus bhí an fear seo ar fhastughadh i Co Doire agus nuair a bhí a fastughadh astuigh aige b’éigin do siubhal a baile, acht nuair a tháinig sé go dtí na Gleanntaí ní rabh sé abalta a shiubhal níos fuidhe. Annsin fuair se ar chairt go dtí Árd-an-Ratha, agus annsin siubhal sé abhaile.
    Nuair a fuair sé fhad lé a theach fhein shuidhe sé síos agus bhain de a bhróga, bhí a chosa nimhneach. Annsin chuaidh sé a luighe agus níor éirigh sé ar feadh seachtmhaine.
    Annsin bhí aonach ins a bhaile Móir cupla lá in a diaidh sin agus ní rabh sé abalta a ghabhail go dtí an t-aonach mar bhí sé comh tuirseach sin agus bhí a chosa nimhneach fosta. Nuair a d’éirigh sé cupla lá in a diaidh sin, dubhairt sé na rachfadh sé ar thurais fhada mar sin go brathach.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. historical persons (~5,068)
    Language
    Irish
    Collector
    Pádraig Séan Ua Breislin
    Gender
    Male
    Address
    Cró an Chaorthainn, Co. Donegal
    Informant
    Pádraig Ua Breislin
    Gender
    Male
    Address
    Cró an Chaorthainn, Co. Donegal