School: Mín Teineadh Dé (roll number 8517)

Location:
Meentanadea, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig S. Mac a' Ghoill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1041, Page 21

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1041, Page 21

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín Teineadh Dé
  2. XML Page 21
  3. XML “Fir Mhaithe ag Siúl”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ann aon uair amháin dar bhainm Seosamh Ó’Domhnaill agus bhí sé ina chomhnuidhe i Tulach An t-Sín Phrochlais. Tá an fear seo marbh anois acht nuair a bhí sé deich mbliadhna agus dha fhicid shiubhail sé ó Chonntae Dhoire go dtí Tulach An t-Sín i lá amháin. Bhí an fear seo ar fastughadh agus maidín amháin d’éirigh sé go luath agus shiubhail sé an fad sin.
    Nuair a tháinig sé abhaile bhí a chosa nimhneach agus ní rabh sé ábalta siubhail ar feadh cúpla lá inadiaidh sin. Bhí aonach ins nDún Ceann Fhaolaidh seachtmháin inadhiaidh sin agus chuaidh Seosamh Ó’Domhnaill go dtí an aonach agus chuaidh sé ar méisge. Ní rabh sé ibhfad ar méisge gur thoisigh sé fhéin agus truír fear éile ag troid.
    Bhuail Seosamh Ó’Domhnaill fear amháin agus chuir sé é fríd fhuinneoig Seoirse Mhic A Ghoill atá ina chomhnuidhe i nDún Ceann Fhaolaidh. Annsin tháinig na gardaí amach as an Bhéiric agus nuair a chonnaic Seosamh Ó’Domhnaill na gardaí ag teacht thoisigh sé ag rith agus rith sé abhaile.
    Nuair a tháinig sé abhaile bhí a
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. historical persons (~5,068)
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Ó Mochain
    Gender
    Male
    Address
    Tullinteane, Co. Donegal
    Informant
    Seosamh Ó Mochain
    Gender
    Male
    Address
    Tullinteane, Co. Donegal