School: Mín Teineadh Dé (roll number 8517)

Location:
Meentanadea, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig S. Mac a' Ghoill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1041, Page 47

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1041, Page 47

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín Teineadh Dé
  2. XML Page 47
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal

    Bhí gasúr beag agus a mháthair ann aon uair amháin. Lá amháin chualaidh an gasúr go rabh fáthach mór ina chomhnuidhe cúpla míle ar shiubhal agus d'iarr sé ar a mháthair cead a thabhairt do le ghabháil go dtí teach an fháthaigh.

    Bhí gasúr beag agus a mháthair ann aon uair amháin. Lá amháin chualaidh an gasúr go rabh fáthach mór ina comhnuidhe cúpla míle ar shiubal agus d’iarr sé ar a mháthair cead a thabhairt do le ghabháil go dtí (a) teach an fháthaigh. Ní thabharfadh a mháthair cead do dubhairt sí go marbhochadh an fháthach é. Acht nuair a tháinig an dorchadas d’imthigh an gasúr. Ní dheachaid sé i bhfad gur fhaca sé solas beag. Acht ní rabh teach ar bith le feiceáil. Ní rabh aon act scréig mhór agus bhí doras ins an scréig. Ní rabh ugla ar bith ar an gasúr. D’fhosgail sé an doras agus chuaidh sé isteach. Bhí bean ina suidhe ag an teinidh. D’iarr an gasúr uirti cead a thabhairt do fanacht an oidhche sin. Dubhairt an bhean nach gcoinneochadh nó go rabh fáthach mór ins an teach.
    Dubhairt an gasúr go rabh sé an tuirseach agus nach rabh sé abalta an baile a bhaint amach. “Bhal ársan bhean caithfidh mé tú a chuir i bhfolach in áit éigin” agus d’iarr sí ar ghabháil faoi an leabaidh beag a bhí ins choirneal. Ní rabh sé ibhfad faoi an leabaidh go dtáinig an fháthach isteach. Níor dhubhairt sé rud ar bith acht d’ith sé a shuipear agus chuaidh go dtí an choirneal agus bhí cearc annsin. Thóg sé an cearc agus craith sé i aníos as síos an t-urlár agus thuit trí ubh oír amach aistú. “Ó” ársan ghasúr “dá mbéadh an cearc sin agam-sá bhéidhfinn an saidhbhear. Ní rabh i bhfad go dteachaidh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Áine Ní Dhomhnaill
    Gender
    Female
    Address
    Carraig an tSléibhe, Co. Donegal
    Informant
    Micheál Ó Domhnaill
    Gender
    Male
    Address
    Carraig an tSléibhe, Co. Donegal