School: Teileann
- Location:
- Teileann, Co. Donegal
- Teacher: Leon Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Teileann
- XML Page 185
- XML “Scéal Eile fá Bhean Sí”
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)nuair nach bhfuil fhios agam cé thú féin." "Is mé an chomharsa is neise do'n doras agat," arsa an bhean. "Tá muid i n-ár gcomhnuidhe san ardán sin taobh thiar de'n teach." Agus ba mhaith liom dá n-iarrthá ar fear an toighe gan an t-eallach a leigint a chomhair an árdáin níos mó. Nó, nuair a théid an t-eallach i n-a mhullach réabann siad é agus nuair a thig ghearthainn bíónn súgh anuas orainn." Dubhairt bean a' toighe go n-innseochadh sé sin do'n fhear agus d'imigh an bhean sidhe. D'innis an bhean dó na fear caidé mar bhí. D'imigh seisean agus chuir sé balla thart ar an árdán. D'éirigh an saoghal leis an lánamhain go h-an mhaith i n-a dhiaidh sin.
- Sean-ScealBhi Rí Cúigidh i n-Éirinn fad ó shoin agus bhí triúr mac aige. Nuair d'fhás siad suas ina mbuachaillí d'eirigh an t-athair tinn agus ní rabh cuma air go bhfaghadh sé biseach. Lá amháin thainig fear isteach agus d'fiafruigh sé de'n Rígh caidé bhi air. Dubhairt an Rí go rabh sé tinn leis an fhad seo de am agus nach rabh déanadh air go bhfaghad sé biseaach. Dubhairt an fear, a thainig isteach, leis nach bhfaighead sé biseach a choidhche go bhfaghad sí buideál iocshláinte a bhi sa Domhain Thoir agus go leigheasfad sin é dá bhfaghad(continues on next page)
- Informant
- Pádraig Mac Seaghain
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Occupation
- Iascaire
- Address
- An Cheapach, Co. Donegal
- Informant
- Tomás Mac Seaghain
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 94