School: Lougheraherk (roll number 12118)

Location:
Loch Dhoire Thoirc, Co. Donegal
Teacher:
Máire Nic Ceannfhaola
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 223

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 223

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Lougheraherk
  2. XML Page 223
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Nuair a bhí Colmcille sa t-sean Ghleann seo bhíodh coimhthiolán ag an naoimh go minic ag áit ar a dtugthaoi "Currantaigh Searc" air go dtín lá indiu.

    Seán Mac Giolla Easbuig
    Cill Fhánaid,
    Gleanncholuimcille

    Nuair a bhí Colmcille sa t-sean Ghleann seo bhíodh coimhthiolán ag na naoimh go minic ag áit ar a dtugtaoi "Currantaigh Searc" air go dtí'n lá indiu.
    Is cosamhail go rabh Colmcille rud beag lasta 'san agaidh agus i lár an t-seanchais dubhairt duine de na naoimh go rabh braon fola in a phluc. Ghoill seo go mór ar Colmcille agus nuair a tháinig sé 'na bhaile d'fhiafruigh sé do'n chailín aimsire an gcuireadh sí bainne fríd an arán. Dubhairt sise nach gcuiread sí a'n dath ach an sgaith a mheasgadh sí ar an t-soitheach, agus tháinig oiread feirge air a's go dteachaidh sé amach agus gur mharbh sé an bhó.
    Seal gearr in a dhiaidh sin bhí an cailín aimsire ag mairgnigh fá'n dóigh bhocht a bhí ortha gan a'n deor bainne a bheith aca agus tháinig aithreachas air chionnas gur marbh sé an bhó. D'imthigh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Nic Ceannfhaola
    Gender
    Female
    Informant
    Seán Mac Giolla Easbuig
    Gender
    Male
    Age
    80
    Address
    Cill Fhathnaid, Co. Donegal