School: Doire Thanaidhe (roll number 11204)

Location:
Doire Sheanaigh, Co. Donegal
Teacher:
M. Ní Amhalaghaidh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1054, Page 037

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1054, Page 037

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Doire Thanaidhe
  2. XML Page 037
  3. XML “Seantithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ins an am a bhí ann i bfad o shoin ní rabh tóighte ar bith ann ach cinéal bóthogaí nach mbéadh gabhair beo ionnta. Bhí siad déanta de clocha ach ma bhí ní rabh siad iol-níghte na dháth.
    Tuighe a bhí mar dian ar cuid de na tóighte ach sé an froach a bá fusa a fhághail agus ba bhuighe bocht le cuid ach an fraoch a fhághail le na deora a chongbhail amuigh. Ní rabh urlár ar bith ins na tóighte ach fíor beagán, bféidir go mbéadh cliath ghorm ag cuid acu ach bhí an bunadhas gan urlár ar bith ach an cré dhubh. Nuair a bhéadh baisteadh mór ann bhí srúthannaí uisge ag rith anuas na ballaí agus annsin roimhe bfad thuitfeadh na ballaí no bhéadh siad lóbhtha. Bhéadh teinidh maith acu sin rud amháin no ní rabh fhiacaibh ortha an mháin a cheannact ma tá anois. Bhí leabaidh ins an cúinín ag cuid acu ach cuid eile ní rabh acu ach gráinín asair caithte thall sa b’fus agus luighe annsin no fág é. Ní rabh lampannaí ar bith acu ach cainnle na seasamh ar turtóg agus an té nach rabh coinnle acu chuirfeadh siad sios teinidh már
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. buildings
          1. residential buildings (~2,723)
    Language
    Irish