School: Doire Thanaidhe (roll number 11204)
- Location:
- Doire Sheanaigh, Co. Donegal
- Teacher: M. Ní Amhalaghaidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire Thanaidhe
- XML Page 062
- XML “Tobar Beannaithe”
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bhí bean as an Dubh Chorraidh thoir lá amhain ag deanamh an turáis do na gar-mhac a bhí ag troid san chogadh mhor 1916. Bhí sí ag guidhe go dtiocfadh sé slán as an chogadh nuair a chualaidh sí na gunnaí móra thoir ag an tobar agus bhí fhios aicí narbh é an deagh comhartha é.
Rith sí ‘na bhaile leis an sgéal innse do na muinntir agus nuair a shroic sí an teach bí teachtaire annsin roimpí ag radh go rabh an gasúr marbh.Thig uisge an tobair seo a ól nó fíor-uisge atá ann. Scéal
“Am amháin bhí Rí 'na chomhnuidhe in iochtar na h-Éireann. Bhí triúr mac aige agus ní rabh fhios aige ciaca a bfhearr agus a ba crionnaighe leis an feirm d'fagail aige.”
Am amhain bhí Rí ‘na chomhnuidhe in iochtar na h-Éiréann. Bhí tríur mac aige agus ní rabh fhios aige ciaca a bfearr agus a ba crionnaighe leis an feirm d’fagail aige. Thainic an bás chuige lá amhain agus bhí sé ag eirighe iongantach lag. Le sin thainig bochtáin fir isteach. Chonnaic se an Rí bocht ag faghail bhais agus arsan fear. “A Rí uasal caidé tá ag caitheadh ort” Tá maise, arsa’n Rí “tá mé ag faghail bhais anois agus sé an buaidhreadh is mó atá orm nach bfuil fhios agam ciaca de mo mic is fearr le mo rioghacht d’fagail aige”.(continues on next page)- Collector
- Anna Ní Theachlán
- Gender
- Female
- Address
- Doire Leac Chonaill Thuaidh, Co. Donegal
- Informant
- Conall Duibheannaigh
- Gender
- Male
- Age
- 60