School: Mágh Rua (Murroe)

Location:
Murroe, Co. Donegal
Teacher:
P. S. Ó Dochartaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1075, Page 22

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1075, Page 22

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mágh Rua (Murroe)
  2. XML Page 22
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgéal
    Bhí sean fhear agus sean bhean ann aon uair amháin agus ní rabh aca ach inghean beag amháin. Lá amháin nuair a bhí an tathair ar an aonach ni rabh aon nduine fá'n teach ach an mhathair agus an inghean beag. Nuair a thainig a h-aon a chlog dubhairt an cáilín go rabh sí ag dul amach ar na cnuic leis na ba. Nuair a chuaidh sí d'fhán sí ar na cnuic go dtí máll sa tráthnóna. Annsin thainig ceo agus ní rabh fhios aici cá rabh sí ag dul. Sa deire chuaidh sí ar seachrán fríd na cnuic. Bhí an mádadh leithe agus thainig an mádadh na bhaile. Nuair a thainig an tathair chuaidh sé féin agus na comharsain amach ag cuartughadh an leanbh. Bhí fhios ag an mádadh cá rabh an leanbh. Thoisigh an mádadh ag tafaint. Rith sé giota agus d'onc sé na dhiaid. Nuair a chonnaic na daoiní an madadh lean siad é agus fuair siad an cáilín na luighe idir dhá chnuic i ngleann mhór. Thóg an tathair í agus d'iompthar sé í a bhaile Níor leig an tathair nó an mhathair í ar na cnuic níos mó in dhiaid sin.
    D'innis mo mhathair Bhrighid Nic a Leagha Mágh-
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Nic a Leagha
    Gender
    Female
    Address
    Murroe, Co. Donegal
    Informant
    Bríghid Nic a Leagha
    Relation
    Parent
    Gender
    Female
    Address
    Murroe, Co. Donegal