School: An Doirín (roll number 11549)

Location:
An Doirín, Co. Mayo
Teacher:
Seán Mac Cárthaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0086, Page 138

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0086, Page 138

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Doirín
  2. XML Page 138
  3. XML “Paróiste Acla”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Sé an céad ait a geibhmíd radarc ar Acaill na in Anála Ríogda na h-Éireann sa bhlíain 1235. Bhagair Feilim Mac Cathall Crobh Dearg go dtógfhadh sé na táinte a bhí in Acaill agus i gCúan na Mara go dtí O Dónall mar a mbeidís dílis dhó. Le cabhar Mághnus O Conchúbhar Ruadh agus Muirceartach Muimhneach fagadh an ceanntar go léir osgailte dos na Sasanaig. Táinig na Sasanaig go dtí Dún Mhugdora agus d'iarr géill ar Mangus. Diúltaig Mánghus agus le na línn seó bhí a lán cathanna idir a cabhlach agus na Sasanach. Sgrios na Sasanaig Acaill agus thógadar an creach leo go dtí Druimní.
    Luaidtear Acaill i ndán a scríobhadh cuig Túathal O Máille
    Mananan? Umhaill Umháille in aimsir Eiblíse.
    Smacht ón gaoith ar an gruadh leat dhuinn
    Ar as gaoith mur fuair eitim.
    Tighthe ac Acaill fuinn d'eitill.
    agus arís ag Tadg Dall O h-Uigin ar stair na mbúrcach
    Ní fhuil mac Gaedhail na Gaill.
    O Uladh go h-Acaill
    Ach lán dá eangrádh Uilliam uile
    Fá clár féar bhán ugáine.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish