School: Naomh Nioclás, An Cladach (Buachaillí) (roll number 4501)
- Location:
- Townparks, Co. Galway
- Teacher: P.S. Ó Neachtain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 'Siad na luibheanna is mó a dhéanann díoghbháil ar talamh na hÉireann ná: - an "caisearbhán" neanntóga, agus fásann an "spearmint" i dtalamh fiadháin. Déanann neantóga díoghbháil do'n bharraí mar cabáiste agus srl. Déanann an "caisearbhán" díoghbháil dó'n fhéar. Ní dhéanann "spearmint" aon díoghbháil ar bhith.
'Siad na luibheanna a fásann i gcré maith:- celéir, liotáis is scaláin; tá leigheas aca seo go léir:- an caisearbhán, neanntóga, "spearmint", celéir, liotáis is scaláin in tslighe áirithe.
Tá leigheas ann ag caisearbhán chun eitinne. Leigheas ag neanntóga chun tinnis fiachla. Ag "Spearmint" chun slaghdáin in cheann duine. Tá leigheas ag celéir chun scoilteac nó píanta na cnáibh; Ag liotáis chun fuil a chur in duine agus ag scáilín atá an leigheas sin freisin.
Ólann na daoine a bhfuil curtha ionnta le eitinn an saghas báinne atá sa caisearbhán. Ceaptar go bhfuil sé an-mhaith rómpa sin. Cuirtear an neantóga i bhpota agus cuirtear an t-uisce chun fiachail agus ní bhíonn pían ann aríst. Tá saghas tonic iarann in celéir chun scoilteacha. Tá mórán úsáid ag liotáis chun a chur fola in duine a bhfuil beagain fola ann. Tá an leigheas chéadhna ag scáilín mar a déirtear roimhe.- Collector
- Pádhraig O Dubhghaill
- Gender
- Male
- Informant
- Bean Uí Dubhghaill
- Gender
- Female
- Age
- 39
- Address
- New Docks, Co. Galway