School: Naomh Nioclás, An Cladach (Buachaillí) (roll number 4501)
- Location:
- Townparks, Co. Galway
- Teacher: P.S. Ó Neachtain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tagann féilí chugainn gach bhlian agus is mó a chuireann mid suim i bhFéilé Lá 'lé Stiopháin.
Roimhe Nodlaig bíonn na "múmírí" ag dul ó theach go teach agus bíonn siad gléasta go deas réidh. Bíonn siad ag damhsú is ag sheinm ceóil agus gheibheann siad airgead maith ó na daoine mar gheall ar san.
Tagann "buachaillí an dhreóilín" ó theach go teach ar bhFéilé Lá 'lé Stiophán. Bíonn dealbh dreóilín aca agus ríbíní is píosá chraoibh air, seo. Bíonn siad ag glaodhach ar amhráin mar seo "An dreóilín, an dreóilín," sé rí gach n-éan". Tá scéal ag baint le sin: - bhí saghas troda idir dreóilín agus fioláir i dtreó's go bhfúigheadh siad amach cé aca b'fhearr ar eitilt. Chuaidh an fioláir suas go hárd san spéir acht bhí an dreóilín ar a dhruim agus bhí an buadh aige san. 'Sé an fáth a dtugtar "Rí na n-éan" air.
Gheibheann na buachaillí airgead ó na daoine agus annsin téigheann siad abhaile go sásta. Deirtear to dtagann gach "múmírígh" ó Loch Garmáin.
'Siad na féilí a thagann san mblian ná: - Lá 'lé Bhrighde, lá 'le Phádhraic, An Inid, Máirt na hInide, An Carrghas, Céadaon an Luaithridh, Domhnach na Cailce, Diar Daoin na Comaoine, Aoine an Chéasta, Satharn agus Domhnach na Cásga.
Lá 'lé Bhrighde: -
Ar 1adh lá dé'n Fheabhra. Téigheann na cáilíní(continues on next page)- Collector
- Pádhraig O Dubhghaill
- Gender
- Male