School: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)

Location:
Baile Chláir, Co. Galway
Teacher:
Tomás Ó Conchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0032, Page 0147

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0032, Page 0147

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
  2. XML Page 0147
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Nuair a bhí Íosa Críost agus Naomh Peadar ag siubhal an domhain fadó casadh fear leo agus thosuigh sé...

    Nuair a bhí Íosa Críost agus Naomh Peadar ag siubhal an domhain fadó casadh fear leo agus thosuigh sé ag iarraidh déirce orra agus níor thug siad aon phinginn dó. Do shiubhaileadar píosa eile agus do casadh fear eile leo agus thosuigh sé ag iarraidh déirce agus thug Íosa Críost sgilling dó.
    D'fhiafruigh Naomh Peadar dhe cé'n fáth ar thug Sé sgilling do'n fhear seo agus nár thug sé pinginn ar bith do'n chéad fhear agus dubhairt Sé go raibh a dhóthan airgid aige. Do shiublaileadar leo annsin agus nuair a tháinigeadar go dtí siopa in-a raibh go leor daoine istigh ann ag ól dubhairt Íosa le Naomh Peadar dhul isteach ann agus go bhfeicfeadh sé an fear gur thug Sé an sgilling dó agus é ag ól pionta leanna. Nuair a tháinig sé amach dubhairt Íosa leis píosa eile do shiubhal agus go bhfeicfeadh sé an chéad fhear caillte le ocras. An chéad chlaidhe a chonnaiceadar, chuaidh siad go dtí é agus bhí an fear ann agus é caillte. Dubhairt Íosa le Naomh Peadar an fear do chuartughadh go bhfeicfeadh sé an raibh aon airgead aige agus fuair sé cearc ascaill aige. Annsin dubhairt Íosa leis dul soir go dtí an droichead a bhí soir píosa uathu. Chuaidh siad soir agus nuair a thaingeadar go dtí an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. narratives (~478)
        1. religious tales (~1,085)
    Language
    Irish
    Informant
    Máirtín Ó Dubhagáin
    Gender
    Male
    Age
    80
    Address
    An Móinteach Thuaidh, Co. Galway