School: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- Location:
- Baile Chláir, Co. Galway
- Teacher: Tomás Ó Conchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí dhá fathach ann fadó agus bhí siad i-na gcomhnuidhe ar bhar cnuic mhóir. Bhíodh siad ag goid capall agus caorach agus beithidheach agus go leor rudaí eile. Bhíodh an Rí agus a chuid fear ag troid leis na fathaighibh acht do mhairbhuigheadh na fathaigh na fir. Dubhairt an Rí annsin, an duine a bheadh indon na fathaigh a mharbhughadh go tiubhradh sé leath-chéad acra talmhan dó.
Bhí sean-bhean i n-a comhnuidhe faoi bhun an chnuic sin. Bhí fear ins an teach céadna agus ní raibh aige acht beach agus luch. Oidhche amháin chuaidh an fear agus an bheach agus an luch amach. Nuair a bhí siad chomh fada le teach na bhfathach thosuigh an luch ag ithe an dorais go raibh poll mór déanta aice agus chuaidh an fear agus an beach agus an luch isteach. Do shuidh an fear ar chathaoir mhóir a bhí ann. Chuaidh an beach agus an luch isteach san seomra i n-a raibh na fathaigh i n-a gcodladh. Siad na h-ainmneacha a bhí ar na fathaighibh ná Grug agus Glug. Thosuigh an bheach ag gortughadh Gruig. "Stop" adeir Grug le Glug, "nó bainfidh mé an ceann díot". Thosaigh an luch ag gortughadh Glug agus shíl sé gur b'é Grug a bhí dá dhéadnamh. Thosuigh siad ag troid ag troid agus bhain siad an ceann dá chéile agus bhí an bheirt aca marbh annsin.(continues on next page)- Informant
- Micheál Mac Goill
- Gender
- Male
- Age
- 75
- Address
- An Chreig Bhuí, Co. Galway