School: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- Location:
- Baile Chláir, Co. Galway
- Teacher: Tomás Ó Conchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Pósadh an bheirt aca agus mhair siad go socar ó shoin amach.
- Bhí fear ins an bparróiste seo fadó agus sé an t-ainm a bhí air ná an Gobán Saor. Is é a thóg an caisleán atá i mBaile Chláir. Bhí sé ag tógáil go leor caisleán agus tighthe. Sé an fáth ar tugadh Gobán air mar nár fhoghluim sé a chéard. Bhíodh a mhac ag dul thart in-aonfeacht le n-athair ach ní raibh aon mheas ag na daoine air. Lá dá raibh sé in-aoinfeacht le na athair ag tógáil tighe bhí na daoine eile ag magadh faoin'n mac. Annsin dubhairt na daoine leis an mach ding a dhéanamh le poll a bhí i gcloch a múchadh. Dubhairt an mac go ndéanfadh. Do rinne an mac an ding agus dubhairt sé lei duine an poll a thaisbáint dó. Teasbáin an fuine an poll dó agus chaith an mac an ding agus greamuigheadh méar an duine agus an ding sa bpoll. Baineadh an mhéar de'n duine.
- Informant
- Domhnall Ó Dubhagáin
- Gender
- Male
- Age
- 74
- Address
- An Móinteach Theas, Co. Galway