School: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- Location:
- Baile Chláir, Co. Galway
- Teacher: Tomás Ó Conchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí go leor tighthe ar an mbaile seo, Móinteach, fadó thar mar atá anois. Níl ar an mbaile anois acht naoi dtighthe déag acht is cuimhneach le na sean-daoinibh nuair a bhí dhá theach eile ar an mbaile. Tá ceann aca a bhfuil na ballaí le feiceáil ann fós agus an teach eile cuireadh amach é leis an mbóthar a dhéanamh. Tá go leor sean-bhallaí eile ann agus ní fhaca mise aoin duine in-a chomhnuidhe ionnta. Tá sean-bhallaí eile ann i n-áit a raibh scoil fadó agus b'innte a fuair cuid de na sean-daoinibh a gcuid foghluim. Tá lorg tighe eile ann i n-áit a raibh bráithre agus is cineál reilige anois é i n-a gcuirtear páistí óga.
Bhí bean ar an mbaile seo fadó i dteach go bhfuil a shean-ballaí le feiceál ann fós agus bhíodh sí tinn gach ré lá agus maidin amháin a d'éirigh sí bhí uirthe dhul ar a leabaidh arís agus í i ngreim i laiste an dorais agus cuid dí istigh san leabaidh mar nár fhéad sí dhul níos fuide. Nuair a chailleadh í d'fhan sí annsin go dtainic duine eicínt a thóg í. Bhí saor ar an mbaile seo fadó agus rinne sé teach ann agus dubhairt sé go mbeadh ubh neide ann i gcomhnuidhe agus tá daoine in-a(continues on next page)- Collector
- Annraoi Ó Dubhagáin
- Gender
- Male
- Address
- An Móinteach Thuaidh, Co. Galway