School: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- Location:
- Baile Chláir, Co. Galway
- Teacher: Tomás Ó Conchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- XML Page 0217
- XML “Laethanta Áirithe”
- XML “Laethanta Áirithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)seasfadh sí an Mhárta acht níor cailleadh í nó go raibh an Mhárta caithte. An lá deireadh de'n Mhárta thug sí cúpla léim agus cúpla truslóg le ríméid mar go raibh an Mhárta caithte acht tháinic aon lá déag i na dhiaidh sin agus bhí ortha an craiceann a bhaint dí agus ar na laethannta sin tugtar laethannta na sean-bhó tiabhuighe.
Nuair a bhíonn an ghealach beagnach caithte, deirtear gur b'shin í an uair is ceart na barraí a chur. - Lá Bealtaine. Deirtear nach ceart splannc teine do chaitheamh amach nó do leigint amach as an teach ar lá Bealtaine. Tugtar isteach géaga de'n sgeich ghil ar lá Bealtaine nó an oidhche roimhe agus crochtar ós cionn na ndóirse iad. Ní ceart fuil do dhóirteadh ar lá Bealtaine. Deirtear go mbíonn timpistí ar lá Bealtaine agus ar Domhnach Cingcighise.
Domhnach Cingcighise. Aon duine a beirtear ar Dhohnach Cingcighise deirtear go mbíonn mí-ádh air. Dá mbeirtí searrach sa gCingcighis bheadh sé an eibhleiseach (?)
Lá na n-amadán. Ar an gcéad lá d'Aibreán(continues on next page)