School: Fearainn an Choirce (roll number 14532)

Location:
Fearann an Choirce, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Maoldhomnaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 145

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 145

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Fearainn an Choirce
  2. XML Page 145
  3. XML “Scéal Grinn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí beirt fhear ar an gceann shiar de'n Oileán i gCillrónáin fadó, nuair a bhí a ngnó déanta aca i gCillrónáin, chuaidh siad isteach i dteach ósta ag ól braoin uisce beatha . Bhí siad ag ól agus ag cainnt gur tháinig an tráthnóna.
    Dubhairt duine aca leis an duine eile go raibh sé in am a bheith ag dul abhaile. D'éirigh siad agus thugadar aghaidh ar an mbaile. Shiubhaileadar leo gur tháinig siad go dtí Creig-an-Chéirín. Ba as Creig-an Chéirín duine aca, agus as Bungabhla an duine eile. Dubhairt fear Chreige-an-Chéirín go ngabhadh sé siar chomh fada le Bungabhla leis an fear eile agus chuaidh. Nuair a bhí sé shiar chomh fada le Bungabhla, dubhairt fear Bungabhla go ngabhadh sé soir chomh fada le Creig-an-Chéirín leis féin, agus chuaidh Mar gheall ar an mbraon a bheith ólta aca . Bhí siad ag dul siar agus soir go raibh sé ina lá geal ar maidin.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Language
    Irish
    Collector
    Cáit Ní hIarnáin
    Gender
    Female
    Address
    Cill Mhuirbhigh, Co. Galway
    Informant
    Pádhraig Ó hIarnáin
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Address
    Cill Mhuirbhigh, Co. Galway