School: Fearainn an Choirce (roll number 14532)

Location:
Fearann an Choirce, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Maoldhomnaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 135

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 135

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Fearainn an Choirce
  2. XML Page 135
  3. XML “Scéal Grinn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal Grinn.
    Bhí buachaill aimsire ag imtheacht ag cuartughadh oibre. Casadh isteach i dteach feilméara é leis an deireannas. D'iarr sé lóistín na h-oidhche agus d'fhiafruigh an feilméar dhe cén bealach a bhí leis? Dubhairt sé gur ag cuartughadh áite aimsire a bhí sé. Dubhairt an feilméar gur theastuigh a léitheid uaidh féin dá dtiocfadaois le chéile sa margadh."Seo é an margadh," a deir an feilméar. "Dá mbeidhtheá indhon tréad caorach a chur thar an sconnsa i-n-éadan na bliadhna is leat iad". Má chliseann tú caithfidh tú stiall feola i nghar do chnámh do dhroma a thabhairt domsa." "Tá go maith" arsa an lad, "ach caithfidh tú beatha maith", arsa an lad, "a thabhairt uait ar feadh na bliadhna". "Tabairfad," arsa an feilméar, "maidir le neart feola agus chuile shórt dá fheabhas": Nuair a bhí sé ag rith ar an ,bliadhain thriáil sé ceann de na caoirighíbh agus chinn air í a chrochadh chomh h-árd leis an sconnsa. Chuir sin an dréimre síos air, acht chomh luath is a tháinig an lá cáirde deir an feilméar fhágailt réidh agus féachaint le -n-a mhargadh a shaothrughadh. Cuaidh an buachaill aimsire amach go failligheach. D'fhéach sé ceann de na caoirighíbh a chur thar an sconnsa, agus chinn air. "Go mairidh tú do mhargadh" arsa an feilméar go bpródamhail. "lonntuigh aniar anois go mbainfidh mise stiall de shlait do dhroma." Sgaoil sé bóthair leis is an gcuma sin ar an gcréatún. Bhí sé ag imtheacht. Is gearr gur casadh buachaill eile leis a bhí ag cuartughadh áite é féin agus d'fhiafuigh sé dhe céard ba chionntach leis, agus céard a chuir an t-anshóg mór sin air. D'innis sé dó. Is mise a "mhatch" aige sin a dubhairt an darna duine. Ní mórán achair gur casahd i dteach an fheilméara é. D'fhiafruigh an feilméara cé'n
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Folktales index
    AT1000: Bargain Not to Become Angry
    Language
    Irish
    Collector
    Máirtín Ó Dioráin
    Gender
    Male
    Address
    Gort na gCapall, Co. Galway
    Informant
    Máirtín Ó Dioráin
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Address
    Gort na gCapall, Co. Galway