School: Fearainn an Choirce (roll number 14532)
- Location:
- Fearann an Choirce, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Maoldhomnaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear ann fadó darbh' ainm Diarmuid, gus chuaidh sé ag breathnughadh ar na síodhógaibh go dtí Cnoc Meádh i gCillmhuirbhigh. Thugadar isteach san gnoc é, agus ba oidhche Shamhna do bhí ann. Bhí srian buidhe óir aca, agus bhí siad ag déanamh spóirt dóibh féin leis istig gan gnoc. Síneadar an tsrian aige go ngabhadh sé ag déanamh spóirt leis. Nuair do fuair Diarmaid an tsrian rith sé abhaile leis, acht lean siad san é. "Chugat, a Dhiarmaid" deir siad leis, ag ceapadh go mbreathnóghadh sé ina dhiadh agus go mbainfeadh siad féin an tsrian de. "Chugaidh féin", a dubhairt Diarmuid. Chuiadh sé de léim thar chlaidhe na teorann agus dubhairt sé leo. Théigheadh sibh abhaile anois". Níor fhéadh siad é do leanacht ní bhfuide. do bhíodh solus le feicsint ann fadó. Tá go leór driseacha san bpáirc sin.(continues on next page)
- Collector
- Mícheál Ó hIarnáin
- Gender
- Male
- Address
- Cill Mhuirbhigh, Co. Galway
- Informant
- Tomás Uá Conghaile
- Gender
- Male
- Address
- Cill Mhuirbhigh, Co. Galway