School: Fearainn an Choirce (roll number 14532)

Location:
Fearann an Choirce, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Maoldhomnaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 175

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 175

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Fearainn an Choirce
  2. XML Page 175
  3. XML “Aimsir na Géarleanúna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá aill siar ó Ghort na Gcapall ar a dtugaidís "Aill an t-sagairt", mar tá lorg coise agus leic atá ar bharr na h-aille agus deireadh na sean-daoine gur lorg coise sagairt atá ann. Tá poll i bhFearann-an-Choirce ar a dtugaidís "Poll a bhfolach" agus deirtí go mbíodh sagairt agus daoine ag dul i bhfolach ann i-naimsir na Geirleanamhna. Dá marbóchadh na saighdiuirí sagart gheobhaidís chúig phunt ar a chloigeann uaidh na Sasannaigh. Bhíodh tíghthe speisialta ag na sagartaibh le h-aghaidh an Aifrinn a léigheadh. Bhí sagart i-gConn Mhaicne Mara, agus bhíodh sé ag léigheadh Aifrinn idteach a raibh gasúr óg nuair a gheibheadh sé an deis é a léigheadh. Thaithnigh an gasúr chomh mór leis go ndubhairt sé le na athair agus le na mháthair go mbfhearr dóibh sagart a dhéanamhde. Nuair a bhí sé tuairim is sé bliadhna déag chuaidh sé amach go dtí an Fhrainc. Rinneadh sagart de san tír sin, agus léigh sé an chead Aifrionn san Fhrainc. Nuair a bhí sé ag teacht abhaile go Conn Mhaicne Mara, b'éigean do éadach mairnéalaigh a chur air sul d'aithneóchadh na Sasannaigh é gur tháinig sé ag a athair agus ag a mháthair. Nuair a chualaidh lucht an bhaile é tháinigeadar ar chuairt aige dubhairt sé leób go mbeadh Aifrionn aige ag a deich a chlog ar maidin. Bhí fear ag eisteacht leis agus ba spíadóir é, agus d'imthigh sé ar an teach go ndeachaidh sé ag an nGárda gur innis sé dó é. Nuair a bhí an sagart ag léigheadh an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. penal times (~4,335)
    Language
    Irish
    Collector
    Mícheál Ó hIarnáin
    Gender
    Male
    Address
    Cill Mhuirbhigh, Co. Galway
    Informant
    Tomas Uá Conghaile
    Gender
    Male
    Address
    Cill Mhuirbhigh, Co. Galway