School: Fearainn an Choirce (roll number 14532)
- Location:
- Fearann an Choirce, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Maoldhomnaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Fearainn an Choirce
- XML Page 192
- XML “Ainmhithe Allta”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ainmhidhthe Allta.San am fadó do tháinig sionnach mór isteach i-n-deire báid as Conn Mhaicne Mara, agus ní raibh fhios ag aon duine dá raibh san m-bád é. Tuairim is céad bliadhan ó shoin do bhí sé ag déanamh scriosa móir ar uain agus ar chaoirighíbh i-n-Árainn, agus do chuir daoine clár lag ar bhruach aille na Lochán. Lá amháin sheas an sionnach air, agus thuit sé san bh-fairrge.Tháinig mada fiadháin isteach h-oileainaibh, agus is é an chaoi a shnámh sé anoir, agus bhí muinntir Árann scriosta aige mar bhí sé ag marbhughadh caorach ortha. Acht aon oidhche amháin chonnaic na daoine nead déanta aige istigh i-d-teach beag, agus an oidhche i-n-a dhiaidh rug siad air agus mharbhuigh siad é.Is le gairid a tháinig na h-easóga go hÁrainn. Níl mórán luch ná coinín fágtha i-n-Árainn. An chéad uair a tháinig na h-easóga go h-Árainn bhí roinnt scátha ag na daoiníbh rómpa acht níl an oiread scátha aca rómpa anois, agus atá faoi chat. Tá ainmhidhthe eile i-n-Árainn ar a d-tugtar allchuach. Creideann daoine má bhéarann siad ortha, agus a dteangacha a chuimilt ó-n-a-d-trioballaibh go dtí a g-cloigníbh go bh-fuil leigheas ag baint leis.(continues on next page)
- Collector
- Bríghid Ní Chonghaile
- Gender
- Female
- Address
- Eochaill, Co. Galway
- Informant
- Seán Ó Conghaile
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Eochaill, Co. Galway