School: Scoil Éinde, An Spidéal
- Location:
- An Spidéal, Co. Galway
- Teacher: Seoirse Ó Flaithbheartaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil Éinde, An Spidéal
- XML Page 003
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal
“Bhí seanfhear fadó ann, agus bhí sé ag brionglóid go raibh pota óir faoi dhroichead baoí luimnigh.”
Sgéal
Bhí sean-fhear fadó ann, agus bhí sé ag brionghlóid go raibh pota óir faoí dhroichead baoi luimnigh.
Dubhairt sé le na bhean lá go dtiochfadh sé dhá chuartughadh. Dimthigh leis lá go dtáinig sé go dtí an droichead. Thosuigh sé ag siubhal anonn agus análl faoi an droichead dhá chuartughadh.
Bhí sé dhá chuartughadh an dara lá, an tríomhadh lá, tháinig sean-fhear go dtí é,. D'iarraidh sé dhó céard a bhí sé ag cuartughadh. Dubhairt sé go raibh sé ag cuartughadh pota óir. Dubhairt an shean-fhear leis a dhul abaile, go raibh pota óir thiar an Úirid ag cránn, taobh amuigh gan tórram. Dubhairt sé leis a dhul ann ag léitheid seo go am san oidhche, agus an pota a thóigáil agus a dhul go léim thar chlaidhe na tórrann. Bhí an rud ag faire ar, agus dubhairt sé mar a mbeadh sé inthigh thar chlaidhe na tórrann go mbeadh sé marbhúghadh. Thug sé an pota abhaile ag a bhean. Bhíodar ag bruth fataí agus rán leis an bpota. Tháinig sgoláire bocht isteach lá amháin, rug sé ar an gclár a bhí ar an tinteán.
Thosuigh sé ag breaghnughadh ar. D'iarraidh sé den tsean-bhean cá bhfuair sí an clár, mar seo agus mar siúd adeir an tsean-bhean, tá sé annsin lé fada, níl fhios agam cá bhfuair an tsean-fhear é. An dtuirfadh dhom é a deir sé. Ní tiubharfadh arsa sise. An ndíoladh liom é adeir sé. Ní dhíolainn(continues on next page)- Informant
- Seán Ó Culáin
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Both Loiscthe Íochtair, Co. Galway