School: Scoil Éinde, An Spidéal

Location:
An Spidéal, Co. Galway
Teacher:
Seoirse Ó Flaithbheartaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0063, Page 017

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0063, Page 017

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil Éinde, An Spidéal
  2. XML Page 017
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Cáit na laogh. D'ól siad é agus nuair a bhí sé ólta aca d'imthigh Pádhraig le dhul ar faoisdean. Chuaidh sé isteach go dtí an sagart. Cá bhfuil tú ag dul a Phádhraig, ag dul ar faoisdean a athair, bain dhiot do hata a Phádhraig, hata an bháid é a athair. Ó caith dhíot é a Phádhraig, hata an bháid é a athair. Chaith sé an hata dó as a deire, Cáide ó bhí tú ar faoisdean cheana? Nuair a rugadh mo mhac. Cé'n aois do mhac? Chómh-aois le mac an bhouiléid é. Cé'n aois mac an bhouiléid. Seo é an tríomhadh séasúr san mbád aige. Dona go leór adeir an sagart, acht béidir dá dtugthá mac an bhouiléid i láthair go mbheadh muid in-dhan a aois a dhéanamh amach. Ó deamhan goir air a athair, tá sé bailigh ó dheas de na h-Árainneachaí. Céard a rinne tú ó bhí tú ag faoisdean go deireannach? a Phádhraig. Ghoid mé láimh sgadán as eangach, béidir gur ghoid tú dhá láimh, fágamuid in-a dhá láimh é, béidir gur ghoid tú ceathramhadh, fágamuid in-a cheathramhadh é, béidir gur ghoid tú céad aiste a Phádhraig, fágamuid in-a chéad é a Athair. Fágadh cheana adeir an sagart. Gabhfadh tú ag cumaoineach i mbháireach adeir an sagart. Tuige nach bhféadfadh mé a dhul ag Cumaoineach anois. Ní fhéadfá, tá fuisge ólta agat agus rud ithte agat. Nuair a tháinic sé abhaile thosuigh na sean-iasgairí eile ag fiafruigh dhó. Ó a bhuachaillí níl aon ghra agaibh, bréag a innsint dhó
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Ó Curraidhin
    Gender
    Male
    Age
    60
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Doire Locháin Thiar, Co. Galway